Déanaim comhghairdeas ó chroí le hUachtarán nua Chonradh na Gaeilge, Donnchadh Ó hAodha, a toghadh ag Ard-Fheis na heagraíochta san Óstán Killashee i Nás na Ríogh i gCill Dara an deireadh seachtaine seo caite. Tagann Donnchadh i gcomharbacht ar Phádraig Mac
Fhearghusa, ó Chontae Chiarraí a bhí ina Uachtarán le trí bliana anuas.
Is ó ó Dháil na Mumhan é Donnchadh. Tá sé ina bhall gníomhach de Chonradh na Gaeilge ón am go raibh sé ina dhéagóir, áit go bhfuil sé anois ina Chathaoireach ar Dháil Mumhan den Chonradh le tamall maith de bhlianta anuas, agus ina thimire deonach don Chúige ó 2010.
Ba Thánaiste é Ó hAodha ar Bhuanchoiste agus ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge le trí bliana anuas freisin, agus tá an-bhaint aige le Clódhanna Teoranta, comhlacht foilseacháin Chonradh na Gaeilge, agus An Siopa Leabhar i gCeannáras an Chonartha go fóill.
Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Táim ag tnúth le tabhairt faoin dúshlán atá romham mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge chun an eagraíocht a fhorbairt agus a neartú, trí chomhoibriú go dlúth le heagrais phobail eile, trí bhallraíocht na heagraíochta a mhéadú, agus trí leibhéal gníomhaíochta na mball sin a spreagadh chun gnímh le linn mo Uachtaránachta.
"Tá an crú ar an tairne le cúrsaí geilleagair mar atá sa tír seo faoi láthair, ach creidim go mbeidh Conradh na Gaeilge in ann leas a bhaint as an mbá agus an tacaíocht don Ghaeilge, atá forleathan i measc an phobail in Éirinn agus san diaspora Éireannach thar lear, chun seasamh na Gaeilge a dhaingniú agus chun eagraíocht níos láidre agus níos éifeachtaí fós a dhéanamh dínn féin."
Is as Cathair Chorcaí é Donnchadh Ó hAodha ó dhúchas ach tá cónaí air i nGaeltacht Chúil Aodha le blianta fada. Chaith an tUasal Ó hAodha deich mbliana ag obair in Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge ó 1963 - 1973 agus é ag plé le stiúradh timireachta, fad agus a chaith sé na blianta ó 1969 - 1973 mar Ard-Rúnaí ar an eagras.
Bhí Donnchadh Ó hAodha ag obair ar an bhfoireann riaracháin ag plé le Gnóthaí na Mac Léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, go dtí anuraidh agus tá sé ina Chathaoirleach reatha ar Bhord na Gaeilge sa Choláiste go fóill. Bhronn Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, céim oinigh MA (honoris causa) ar Ó hAodha i 2009 leis.
Cabhróidh taithí Uí hAodha ag plé le cúrsaí teanga, le cúrsaí mac léinn agus daoine óga chun beocht as an nua a chur i gConradh na Gaeilge, go háirithe ag an am ríthábhachtach seo don teanga agus straitéis chinniúnach don Ghaeilge foilsithe um dheireadh na bliana seo caite.
Arsa an tUachtarán Ó hAodha: "Tá Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2011 ag éileamh go láidir go gcuirfí An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 a chur i bhfeidhm ina hiomláine, go háirithe i réimse an oideachais; tá gá soiléir lena leithéid de Straitéis reachtúil, nuair a chítear, mar shampla, an doicheall agus na deacrachtaí atá sa státchóras i gcoinne cur i bhfeidhm Scéimeanna faoin Acht Teanga faoi láthair."
Tá dushlán ollmhór roimh an Uachtarán nua agus guím gach ráth air agus é ag dul i mbun a dhualghaisí nua. Ní dheachaigh iarrthóir ar bith eile in iomaíocht leis an tUasal Ó hAodha d'Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge i mbliana.
Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil leis an iar-uachtarán. Tá sár jab déanta aige le trí bliana anuas agus saothar saoil tugtha aige do chur chun cinn na Gaeilge. Ar ndoigh, tá sé fós ag treabhadh i ngort na teanga.