Banner
Banner

flag-irelandNÍLIM cinnte an bhfuil a fhios ag pobal na tíre i gcoitinne an tabhacht a bhaineann le bratach na tíre. Tá a fhios ag cách gur dath bán, glas agus ór na dathanna atá uirthi ach taobh amuigh de sin níl siad cinnte conas aire agus meas chuí a thabairt dí. Cuireann sé as dom amantaí nuair a fheicim an bhratach ar foluain sa dorchadas agus nuair a fheicim ceann stróichte salach ar foluain.
Cuireann sé ionadh orm amantaí na háiteanna a fheicim cásanna mar seo. Agus ba chóir go mbeadh a fhios ag na daoine seo na rialacha nó na treoireacha a mbaineann leis an mBratach Náisiúnta. Ach is léir nach bhfuil. Tá a fhios agam gur scríobh mé ar an ábhar seo cheana ach tháinig sé ar ais chugam le déanaí. Is minic a fheicim an Bhratach Náisiúnta ar foluain i rith na h-oíche agus bíonn sé ar foluain lá is oíche, lá i ndiaidh lae. Ardaitear í agus fágtar ansin í go bhfuil sí chomh caite sceite sin nach bhfuil sí oiriúnach lena taispeáint.
Tá treoirlínte i leabhrán atá foilsithe ag Oifig an tSoláthair i mBaile Átha Cliath chun cabhrú le daoine ómós cuí a thabhairt don Bhratach Náisiúnta. Braitheann sé ar gach duine ar leith an gcloífidh sé nó sí leis na treoirlínte ós rud é nach bhfuil aon cheanglais reachtúla ann. Beifear ag súil, áfach, go ndéanfaidh na daoine a mbeidh an Bhratach Náisiúnta in úsáid acu ómós iomchuí a thaispeáint di i gcónaí.
Bhíos in áit éigin le déanaí agus bhí an Brat Glas ar chrochadh níos airde ná an Bhratach Náisiúnta. Ní chóir go dtarlódh sé sin dar leis na treoirlínte. Is cosúil nach bhfuil a fhios ag daoine faoi seo. Ní hé go bhfuil daoine ag máslú na Brataí ach nach dtuigeann siad conas ómós cuí a thabhairt nó a thaispeáint di
Nó an raibh a fhios agat faoi seo? Nuair a bhíonn an Bhratach Náisiúnta ar iompar le bratach nó bratacha eile is ceart í a iompar in áit na honóra. Is é sin ar thaobh dheas an lucht máirseála- nó ar an taobh clé de dhuine a mbeadh na bratacha ag déanamh air. Nó rud eile. Nuair a bhíonn an Bhratach ar ardán is ar chúl agus ós cionn seastán an chainteora is ceart í a bheith.
Agus céard faoi na treoirlínte faoi ardú agus ísliú na Brataí? Le linn í a ardú nó a ísliú, ní ceart ligean don Bhratach Náisiúnta baint le talamh. Nuair a bhítear á hardú go leath crainn, is ceart an Bhratach a ardú go barr cleithe ar dtús, agus ansin í a ísliú arís go leath crainn. Is ceart í a chur go barr cleithe arís sula n-íslítear ar deireadh í.
Ní cheart an Bhratach Náisiúnta a bheith ar thaispeáint, amuigh faoin spéir, ach amháin idir éirí gréine agus luí gréine, seachas nuair a bheadh cruinniú poiblí, mórshiúl nó sochraid ann. Ar ócáidí den sórt sin is féidir leanúint de bheith á taispeáint fad a bhíonn siad sin ar bun.
Agus céard faoi na rudaí nach ceart a dhéanamh? Nuair a bhíonn an Bhratach Náisiúnta ar taispeáint ar ardán, ní ceart í a scaradh ar seastán an chainteora ná ní ceart í a leathadh thar an ardán. Ní ceart riamh an Bhratach Náisiúnta a aghlot trí shluagháin, lógónna, litreacha ná pictiúir d'aon chineál a chur uirthi, mar shampla ag imeachtaí spóirt.
Is ceart cúram a dhéanamh i gcónaí chun a chinntiú nach mbainfidh an Bhratach Náisiúnta le talamh, nach sraoillfidh sí san uisce ná nach rachaidh sí i bhfostú i gcrainn ná in aon bhacainní eile.
Ní cheart i a leathadh ar charranna, ar thraenacha, ar bháid ná ar chóracha iompair eile. Ní ceart í a iompar ar cothrom, ach is ceart i gcónaí í a iompar ar ard, ar síobadh scaoilte, ach amháin nuair a bhíonn sí timpeall ar chónra. Nuair a bhíonn sí timpeall ar chónra, is í an uaine is ceart a bheith ag ceann na cónra.
Is fiú machnamh a dhéanamh ar thuas mar is léir do chách nach dtugtar ómós cuí dí i gcónaí.

 


( 2 Votes )

Add comment

Security code
Refresh

Archives 1900 - 2013 available here

Banner
Banner