Light rain

Castlebar, Ireland

8°C

Light rain

Humidity: 81%

Wind: SW at 2 mph

Banner

binary-digitalNi féidir a rá go bhfuil Comhairle Chondae Mhaigh Eo ina chodladh ó thaobh cur chun cinn an chondae de. Is léir go dtuigeann siad an tabhacht atá le daoine de bhunadh an chondae atá scaipthe thart timpeall na cruinne. Agus tá na milliún acu ann dar leis na saineolaithe. Seoladh suíomh idirlín nua le déanaí atá dírithe ar na daoine seo.
Suíomh idirlín úr, nuálach is ea suíomh idirlín Mhuintir Mhaigh Eo agus is é an Taoiseach féin, Éanna Ó Cionnaith T.D., a rinne an seoladh i Múseum an tSaoil Tuaithe i dTurlaigh taobh amuigh de Chaisleán an Bharraigh. Tá an suíomh seo le bheith ina 'Phríomhláithreán Gréasáin Mhaigh Eo'. Tiomsófar an t-eolas ar fad faoi Mhaigh Eo ar an t-aon suíomh amháin seo agus tabharfar deis do na milliúin daoine de bhunadh Mhaigh Eo atá ar fud na cruinne teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh lena chéile.
D'fhéadfadh an teagmháil seo a bheith idir dhaoine aonair, nó idir bhaill grúpaí a bhfuil na spéiseanna céanna acu, nó a bhfuil nasc de shaghas éigin acu ar fad le háiteanna nó le réigiúin ar leith i Maigh Eo. Is féidir leat, mar úsáideoir, do phróifíl féin a chruthú ina luann tú an áit ar domhan a bhfuil tú lonnaith ann agus na spéiseanna atá agat, agus beidh deis agat ansin na hábhair ar díol spéise duit féin agus do dhaoine eile iad a phlé. Beidh an suíomh oscailte do phobail ar fud an domhain go mbeidh siad in ann eolas a roinnt faoina gceantar áitiúil féin trí mheán pictiúirí, físeán agus eile.
Cé gurb iomaí láithreán líonraithe shóisialta atá ann sa lá atá inniu ann, is é seo an chéad suíomh idirlín ar cruthaíodh go speisialta é do mhuintir Mhaigh Eo i ngach cearn den domhan – agus ta neart againn ann!
Anois, caithfidh mé a rá go dtaitníonn an suíomh nua seo go mór liom. Tugann sé deis do dhaoine de bhunadh Mhaigh Eo, in áit ar bith thart timpeall na cruinne, fáil amach céard atá ag tarlú sa chondae. Tá an dualghas nó an freagracht orainne anois cinnte a dhéanamh de go bhfuil dóthan eagraithe sa chondae a mheallfadh anseo iad. Tá seans iontach againn anseo.
Má táimid chun teacht slán as an ngéarrchéim eacnamaíochta ina bhfuil muid sánaithe faoi lathair beidh ról lárnach le himirt ag turasóireacht. Agus má táimid chun na cuairteoirí a mhealladh chuig an condae seo beidh ról lárnach le himirt ag an gceol tradisiúnta agus ag an gcultúr. Tá fíor-thabhacht ag baint leis an gceol agus an gcultúr sa chomhtheacs seo. Tá ceol agus cultúr faoi leith againn sa chondae seo agus ní mór dúinn úsáid a bhaint astu ar mhaithe linn uilig.
Tá an-áthas orm go bhfui comh-oibriú ar siúl sa chondae seo idir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, Cumann Lúthchleas Gael, Conradh na Gaeilge agus a leithidí. Caithfear forbairt a dhéanamh ar sin. Ní raibh an oiread sin tabhachta ag baint leis seo is atá sa lá atá inniu ann. Tá an timpeallacht againn, tá an oidhreacht againn, tá na cluichí, ceol is cultúr againn. Ní mór dúinn uilig faoin am seo iad seo go léir a dhíol. Iad a dhíol sa bhaile, san Eoraip agus ar fud na cruinne ina iomlán.
Tá seoid ar leith againn i gCondae Mhaigh Eo. Caithfear an seoid sin a thaispeáint don domhan uilig agus na mílte a mhealladh do dtí an áit. Tá an seans againn anois an jab sin a dhéanamh ar www.mayo.ie Seo an seans dúinn, mar a dúirt an Taoiseach úr nuair a cheapadh é .... To hang out our brightest colours.
Tá siad againn. Ná bíodh sé le rá ag na glúnta atá le teacht gur lig muid an condae seo le sruth agus ag an am céanna gur choinníomar ár seoda luachmhara i bhfolach.

 


Add comment

Security code
Refresh

Banner

Your Comments