NUAIR a dúnadh doras na scoile i gCluain Dámh in iarthar Mhaigh Eo tráthnóna Déardaoin seo caite ní gnáth dúnadh a bhí i gceist. Mar ar an tráthnóna sin shiúil Príomh-Oide na scoile, Seán Uasal Ó Cionfhaola, amach an doras don uair dheireannach tar éis sé bhliain is dhá scór a chaitheamh ann.
Daichead is a sé bhliain ag múineadh. Daichead is a sé bhliain mar Phríomh Oide. Sa scoil céanna. Sa seomra céanna. Níl mórán daoine gur féidir leo é sin a rá. Caithfidh gur curiarracht ar leith é seo. Nó b'fhéidir dhá nó trí cinn. Ach ní gnáthduine é Seán.
Thosaigh Seán ag múineadh i gCluain Dámh sa bhliain 1965 agus tá sé ag múineadh ann ó shin gan briseadh ar bith. Tá a fhios ag an saol mór gur oide den chéad scoth ab ea Seán agus cailliúnt mor is ea é don scolaíocht agus don oideachas bunscoile. Thar rud ar bith eile níor shabháil Seán é féin riamh agus é i mbun a chuid oibre.
Saol eile ar fad a bhí ann nuair a d'fhág sé Coláiste Oiliúna Naomh Pádraig. Bhí Seán Lemass fós ina Thaoiseach. Bhí Terence O Neill ina Phríomh Aire ó thuaidh. Ní raibh Éire fós in Aontas na hEorpa. Ar ndoigh ní raibh ann ag an tráth sin ach sé tír. Ní raibh Craobh na hÉireann buaite ag Maigh Eo le cúig bliana déag. Bhí an tír seo fós bocht ach bhí an cosúlacht ann go raibh nithe níos fearr i ndán dúinn. Ní raibh an teilifís ach ag corr theach agus bhí sé de nós ag daoine dul chuig na tithe sin chun breathnú ar an mbosca sa chúinne.
Sin an sórt saoil a bhí ann nuair a shiúil Seán isteach an doras don chéad uair. Ceapadh é ina Phríomh Oide ar a chéad lá sa scoil. Ní gá a rá go bhfuil an t-uafás feicthe aige le linn dó bheith sa scoil sin. Ach má cuirtear ceist ar éinne sa cheantar sin ar chéard a cheapann siad faoi Sheán agus a chuid oibre sa scoil faigheann tú an freagra céanna i gcónaí.
Deireann siad gur mhúinteoir den chéad scoth a bhí ann. Duine díograsach, duthrachtach, coinsiasach a thug céad faoin gcéad i gcónaí. Bhí an scoláire lárnach aige agus thug sé gach a bhí aige ar mhaithe leis na scoláirí céanna. Thug sé an t-uafás ama ní amháin do na scoláirí ach don scoil is don cheantar chomh maith.
Bhí an Ghaeilge lárnach i saol Sheáin i gcónaí agus chothaigh sé suim, meas agus grá sa teanga ina chuid scoláirí. Níor chaill sé deis riamh an Ghaeilge a chothú agus a spreagthadh agus rinne sé é sin go cneasta séimh. Ní raibh aon áit don lámh láidir leis.
Ach má tá beagnach leathchéad bliana caite aige ag cothú na teanga sa seomra ranga tá an scéal amhlaidh leis taobh amuigh den seomra ranga. Tá breis ag caoga bliain tugtha ag Seán don Ghaeilge agus do dul chun cinn na Gaeilge. Tá saothar saoil tugtha aige do Chonradh na Gaeilge agus tá sé gníomhach i nGluaiseacht na Gaeilge le linn an ama sin go léir.
Tá Seán gníomhach in eagrú imeachtaí éagsúla leis na blianta. Is é craobh Chonradh na Gaeilge i gCaisleán a' Bharraigh ceann de na craobhacha is gníomhaí sa tír agus cuid mhaith den bhuíochas sin ag dul do Sheán. Ag eagrú ranganna, Fleadh na nÓg, imeachtaí sóisialta, cúrsaí drámaíochta agus ar aghaidh. Bhí Seán gníomhach nuair a bhuaigh Caisleán a' Bharraigh príomh Dhuais Ghlór na nGael i dtús na seachtaidí agus tá sé i lár an aonaigh ó shin.
Tá todchaí na Gaeilge ag braith ar an aos óg agus sin an áit a thagann Seán chun tosaigh. Tugann sé an t-uafás ama don aos óg ag cabhrú leo a gcuid Gaeilge a chur chun cinn agus ag cabhrú leo ullmhú do na scrúdaithe meánscoile. Le beagnach dhá scór bliain anuas tá rang á reachtáil aige dóibh siúd atá ag déanamh scrúdú na hArdteiste ag cabhrú leo don scrúdú béil.
Seachtain i ndiaidh seachtaine i rith na scoilbliana. Agus thar rud ar bith eile déanann sé an obair seo go léir saor in aisce. Ní ghlacann sé íocaíocht dá laghad. Déanann sé é ar mhaithe le chur chun cinn na Gaeilge.
Ach tá Seán gníomhach freisin sa Choiste Dúiche. Ní chailleann sé deis ar bith an Ghaeilge a chur chun cinn i gComhaltas. Bhí sé lárnach nuair a tháinig Oireachtas na Gaeilge go Co. Mhaigh Eo don chéad uair sa bhliain 2000. D'eirigh thar cinn leis an bhFhéile sin, cuid mhaith den bhuíochas dó Sheán. Díospóireachtaí, moltóireacht, ag tacú le h-imeachtaí na Gaeilge is cuma cá háit sa chondae ina bhfuil siad. Ní duine é atá ag iarradh bheith san ionad is feiceálaí. A mhalairt ar fad leis an duine uasal seo. Níl poiblíocht dá laghad uaidh ach oibríonn sé go dian dicheallach ina bhealach deas ciúin féin. Agus tá a fhios againn uilig cé chomh h-éifeachtach is atá sé sa chaoi sin.
Tá an-chuid macléinn sa chondae seo, agus Caislreán a' Bharraigh go háirithe, thar a bheith buíoch dó as ucht an cabhair is an tacaíocht a thug sé dóibh. D'eirigh leo dul chun cinn a dhéanamh sa Ghaeilge, agus sna scrúdaithe, toisc go raibh Seán sásta suí síos leo agus bheith ina chrann taca. Agus níos mó ná sin chruthaigh sé meas, suim agus grá sa teanga, tréithe atá acu go fóill.
Guím gach ráth ort a Sheáin agus tú ag fágáil na seomra ranga. Tá do chuid déanta ansin agat agus tá an sos seo tuillte agat. Ach bheinn den bharúil go bhfuil leathanach eile le hoscailt go luath.
Go mairfidh tú an céad.