Light rain

Castlebar, Ireland

8°C

Light rain

Humidity: 81%

Wind: SW at 2 mph

Banner

bodhranbodhranTÁ na féiltí ceoil fós ar siúl thart timpeall na tíre agus thosaigh Ceol na Locha 2011 i dTuar Mhic Éadaigh inné. Thosaigh an scoil samhraidh seo sa bhliain 1999 agus tá sí ag dul ó neart go neart ó shin. Seo an t-aon, go bhfios dom, fhéile dá leithéid atá suite i nGaeltacht sa taobh seo tíre agus tá ard-mholadh tuillte ag gach uile duine atá i mbun na heagraíochta. Thosaigh Ceol na Locha inné agus leanfaidh sí ar aghaidh go dtí an Aoine seo chugainn.

An príomh aidhm atá ag an bhFéile ná an Ghaeilge agus cultúr traidisiúnta ceoil is amhrán ceantar Thuar Mhic Éadaigh a chaomhnú, a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Tá ranganna ar siúl sna h-uirlisí ceoil seo a leanas:  Bosca Ceoil, Feadóg Stáin, Fidil, Banjo, Mandolin, Feadóg Mór, Bodhrán, Consairtín agus Giotár. Tá ranganna ealaíona, Damhsa ar an Sean Nós agus Damhsa Seit ar siúl chomh maith.  I mbliana, don chéad uair, tá Comhrá Gaeilge chun ullmhúcháin don scrúdú béil don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht.

Bíonn na ranganna teagaisc ar siúl chuile mhaidin i gColáiste Mhuire ón a deich a chloig ar maidin go dtí a haon a chloig. Is múinteoirí cáilithe na teagascóirí uile agus tógann siad páirt sna seisiún lena daltaí chuile tráthnóna sna pubanna áitiúla. Rud eile faoin bhféile seo ná go mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge.

I measc na múinteoirí atá ag múineadh an tseachtain seo tá Aoife McDermott, Mary Staunton, Claire McGrattan, Áine Ní Fhógartaigh, Jerry Mulvihill agus neart oidí eile nach iad.

Bhí Lá Margaidh ar siúil inné, mar a bhíonn gach uile bhliain. Beidh siúlóid treoirithe thart ar an gceantar agus ceardlann ar siúl freisin.

Beidh ceardlann griangrafadóireachta le Kieran Duignam ar siúl i gColáiste Mhuire inniu, An Mháirt, agus chomh maith leis sin, inniu freisin, tá ceardlann damhsa ar an tsean nós i dTí Mháire Luke. Chun críoch a chur le himeachtaí an lae beidh seisiún ceoil ar siúl i dTí Mháire Luke ag a leath uair tar éis a naoi.

Amárach, Dé Céadaoin, beidh siúlóid tríd an choill agus Gáirdín Drombáin. Beidh ceardlann damhsa seit i dTí Mháire Luke. San oíche amárach beidh banna ceoil, Ceann Gólaim ag seinnt i dTí Mháire Luke ag a leathuair tar éis a naoi freisin. Chomh maith leis sin beidh seisiún i dTí Phaidí. Ar an nDéardaoin beidh coirmcheoil san Halla Pobail agus beidh seisiún ceoil i dTí Thuathail.

Tráthnóna Dé hAoine seo chugainn beidh ceolchoirm ar siúl ag na daltaí uile a ghlac páirt sna ranganna i rith na seachtaine.  Is iontach an deis é seo do dhaltaí dul ar stáitse os comhair a gcuid clann agus a gcuid cairde. Beidh barbaiciú ar siúl an tráthnóna céanna i dTí Phaidí agus críochnaíonn sé suas le seisiún ceoil.

Tá cáil ar an bhFéile seo thar na mblianta agus meallann sé daltaí ó Shasana, ó Mheiriceá agus ó ngach áit sa tír seo. Tá roinnt de na daoine seo ag teacht ó 1999, an bhliain ar thosaigh an fhéile. Seachtain lán gan amhras ar bith agus tá rud éigin ann do gach uile duine, bíodh tú óg nó aosta nó idir eatarthu.  Is breá liom go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an bhFéile agus guím gach ráth orthu arís i mbliana.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Féile na bliana seo glaoigh ar (094) 9544295 suas go dtí a cúig a chloig sa tráthnóna nó 087-6484078 tar éis a chúig a chloig. Is féidir teacht orthu chomh maith ag www.ceolnalocha.com.  Faigheann Ceol na Locha tacaíocht leanúnach ó Fhoras na Gaeilge, Ealaín na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Chontae Mhaigh Eo. Gabhann siad buíochas leo uilig.


Add comment

Security code
Refresh

Banner

Your Comments