Seachtain Na GaeilgeTHUG an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin ardmholadh do Choiste Dúiche Mhaigh Eo de Chonradh an Gaeilge agus é ag seoladh imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i mBéal an Átha.
Dúirt sé go gcabhraíonn imeachtaí ar nós Seachtain na Gaeilge le háit agus spás a chruthú don teanga i ngnáthshaol an phobail. Tugtar áit níos lárnaí don teanga ar feadh tréimhse ghairid ná mar a bheadh aici sa ghnáthshlí.
“Tá sé ríthábhachtach go bhfeicfeadh daoine – go háirithe daoine óga – an teanga á húsáid ar bhonn nádúrtha, rialta mar ghnáthuirlis chumarsáide seachas mar ábhar leadránach scoile a fhágtar ar leataobh a luaithe agus a chríochnaítear leis an gcóras oideachais,” a dúirt An Coimisinéir Teanga.
Dúirt sé freisin go raibh neart Gaeilge i Maigh Eo agus gur léirigh an daonáireamh sa bhliain 2006 gur chreid 55,000 duine sa chontae , 47% de dhaonra Mhaigh Eo a bhí os cionn 3 bliana d’aois ag an am, go raibh Gaeilge acu.
“Níl aon duine ag maíomh gur cainteoirí líofa gach duine acu sin agus tá meascán mór cumais i gceist, ó chainteoirí dúchais sna limistéir Gaeltachta sa chontae go dtí na daoine sin nach raibh acu ach an “cúpla focal”. Ach an rud is tábhachtaí i gcás an 55,000 duine sin ná gur mhian leo a bheith áirithe mar dhaoine le Gaeilge agus níor mhaith le h-aonduine acu go gceapfaí nach raibh aon chuid den teanga náisiúnta ar eolas acu. Comhartha dá spéis agus dá dtacaíocht don teanga atá ansin” a dúirt sé.
Tugann Seachtain na Gaeilge deis don phobal i gcoitinne cleachtadh ar leith a dhéanamh sa teanga náisiúnta agus úsáid a bhaint as a gcumas labhartha is cuma an bhfuil siad ar lucht ar bheagán focal nó ina gcainteoirí líofa, dar leis an gCoimisinéir Teanga.
Dar le Oonagh Ní Chéilleachair, Oifigeach Forbartha na Gaeilge le Comhairle Condae Mhaigh Eo, “Is féile í Seachtain na Gaeilge a spreagann úsáid theanga agus chultúr na Gaeilge. Is cuma más cainteoir dúchais nó foghlaimeoir nua atá ionat bain triail as.” Tugann sí le fios go bhfuil go leor ar siúl i Leabharlanna Mhaigh Eo le haghaidh Seachtain na Gaeilge, le páistí ó bhunscoileanna áitiúla ag baint sult as seisiúin scéalaíochta le Sheena Duddy agus ag glacadh páirte i gCeardlann Drámaíochta le Rosaleen Ní Shúileabháin agus Lochlann Ó Mearáin ó Ros na Rún.
Beidh Ciorcal Craic ar siúl i Leabharlann Bhéal an Átha Déardaoin 8 Márta, tapaigh an deis chun an taispeántas den uile chineál leabhar a scríobhadh i Maigh Eo nó faoi Mhaigh Eo ó Raiftearaí go Ó Raghallaigh, idir bhailiúcháin de bhéaloideas go pictiúirleabhair do pháistí a fheiceáil. Cuirfidh saibhreas an seanchais, saibhreas na scéalaíochta agus saibhreas na scríbhneoireachta atá againn i Maigh Eo gliondar ort.
Nó cur tús le ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig níos luaith i mbliana agus buail isteach chuig Leabharlann Bhaile Chathail le haghaidh oíche cheoil agus craic!
Tá réimse leathan imeachtaí eagraithe i gCo Mhaigh Eo arís i mbliana. Tá imeachtaí ann do dhaoine fásta agus daoine óga agus imeachtaí a oireann do gach aois grúpa, cuma cén saghas imeacht atá uait. Má tá eolas ar bith uait faoi imeachtaí na Seachtaine anseo sa chondae ní gá ach scread a chur ar Bhrídín Ní Cheallaigh ag Togra Mhaigh Eo atá lonnaithe i Sráid Ellison i gCaisleán a’ Bharraigh. Guthán: (094) 9022444 nó (087) 9781166. Seoladh r-poist This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it .
Nó is féidir liosta iomlán d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a fháil ar www.mayococo.ie/ga nó cuir r-phost chuig This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it .
Guíonn Beo Go Deo gach ráth ar imeachtaí na Seachtaine i mbliana agus tá súil agam go mbainfidh gach uile duine taitneamh is tairbhe as.