Banner
Banner

bodhran playerNílim ach díreach tar éis filleadh ó Fhleadh Cheoil na hÉireann sa Chabhán agus níl amhras ar bith ann ach gur Fleadh den chéad scoth a bhí ann. B'é seo an chéad uair ó 1954 a bhí an Fhleadh sa áit agus tá an saol athraithe go mór ó shin. Is cosúil go raibh an domhan is a máthar ann agus bhí na sráideanna dubh le daoine ag an deireadh seachtaine, go háirithe.
Ar an gcéad dul síos is mian liom comhghairdeas a dhéanamh leis na h-iomaitheoirí go léir ón gcondae seo ar éirigh leo duaiseanna a bhaint

atlantic oceanIs fada an lá ó dúras don chéad uair go gcaithfinn cuairt a thabhairt ar Inis Toirc, oileán beag amach ó chósta Mhaigh Eo. Ach, ar chúis amháin nó ar chúis eile, níor éirigh liom an turas sin a dhéanamh riamh. 'Sé sin go dtí roinnt seachtainní ó shin. Nach orm atá an díomá faoi láthair nach ndearna mé an turas seo fadó ó shin.
enda kennyNí raibh siad feicthe agam le fada. An uair dheireannach a chonaic mé iad ná ag Fleadh Mhaigh Eo i gClár Chlainne Mhuiris i lár Bhealtaine. An tráth úd bhí áthas an domhain orthu beirt ag fágáil an bhaile tar éis ceol agus spraoi na Fleidhe. Bhuel, bhuail mé leo arís le déanaí agus bhí an-áthas orm gur chas mé leo arís.
famine boyIs Minic muid ag gearán nó ag clamhsán gan chúis ar bith, mé féin san áireamh. Déantar dearmad go minic go bhfuil an-chuid daoine ann, thart timpeall na cruinne, atá i bhfad níos measa as ná muid féin agus ní tugtar dóthan airde do sin. Níl maitheas ar bith bheith ag síorolagón.
Má duine thú a d'éirigh ar maidin le níos mó sláinte ná tinneas, tá tú i bhfad níos fearr as ná an milliún duine nach bhfeicfidh deireadh na seachtaine.

Archives 1900 - 2013 available here

Banner
Banner