Thursday, 29 July 2010 14:49
Bíonn olc orm amantaí nuair a fheicim nach dtugtar meas don bhratach náisiúnta ná d'Amhrán na bhFiann. Scríobh mé anseo cheana faoin mbrat náisiúnta agus an chaoi nach dtugtar omós dí. Bhíos ag machnamh ar Amhrán na bhFiann an lá cheana agus mé ag breathnú ar na cluichí peile ar an mbosca.
Deirtear go minic sa lá atá inniu ann nach bhfuil Amhrán na bhFiann feiliúnach i saol an lae inniu. Ach ní h-aon rud nua é sin. Tá conspóid ag baint le Amhrán na bhFiann le níos mó ná ceithre scór bliain anuas agus ní dóigh liom go mbeidh aon athrú ar an scéal sna laethanta nó sna blianta amach romhainn. Tá an conspóid seo ar siúl ó bhunaíodh an Stáit