NÍLIM cinnte an bhfuil a fhios ag pobal na tíre i gcoitinne an tabhacht a bhaineann le bratach na tíre. Tá a fhios ag cách gur dath bán, glas agus ór na dathanna atá uirthi ach taobh amuigh de sin níl siad cinnte conas aire agus meas chuí a thabairt dí. Cuireann sé as dom amantaí nuair a fheicim an bhratach ar foluain sa dorchadas agus nuair a fheicim ceann stróichte salach ar foluain.