Leis na laethanta ag dul i bhfad agus an aimsir ag feabhsú, tá i bhfad níos mó daoine le feiceáil taobh amuigh faoin aer. Cuid acu tá siad ag obair - bíodh sé sa gháirdín, sa ghort nó áit éigin eile. Cuid eile níl ag teastáil uathu ach an teach nó an oifig a fhágáil ar feadh scaithimh agus aer breá follán a sú isteach. Feicim neart acu seo le cúpla lá anuas.