Údarás Na Gaeltachta offering apprenticeship scholarships to Irish speakers

ÚDARÁS na Gaeltachta is offering apprenticeship scholarships worth over €2,000 each for candidates to qualify as a craftsman and new-age apprentices.

These scholarships are for Gaeltacht candidates with fluent Irish.

To qualify, candidates must be at least 16 years of age and have the following basic vocational qualifications: Junior Certificate, with a pass in five subjects (mathematics as a subject is required in some apprenticeships), or SOLAS recognised apprenticeship introductory course, or over 16 years of age with three years recognised work experience in the relevant trade.

In addition to the established vocational apprenticeships, applications for this scholarship are also welcome in respect of the modern apprenticeships, which are constantly evolving.

Applicants are required to meet specific entry requirements, as defined by the industry for each of the apprenticeships from 2016.

Specific conditions of entry and traineeships are set for each of these apprenticeships. All information on modern apprenticeships is available at www.apprenticeship.ie.

The link for those interested in applying for the apprentice scholarships is : https://forms.office.com/pages/responsepage.aspx?id=fWHDXHSAuUmbnSGyD04GKmwQQnEsUF5HlquC7ASNxsxUN0RMTzRCQVZJOUFVSVU2RDVUUDFNQ0hHOC4u.

Expressions of interest must be returned by June 30.

D’fhógair Údarás na Gaeltachta inniu go bhfuil sé ag tairiscint Scoláireachtaí Printíseachta ar fiú breis agus €2,000 an ceann iad d’iarrthóirí le cáiliú mar cheardaithe agus mar Phrintísigh in aois nua.

Is d’iarrthóirí Gaeltachta le Gaeilge Líofa na Scoláireachtaí seo.

Ní mór d'iarrthóirí a bheith sé bliana déag d'aois ar a laghad agus na buncháilíochtaí seo a leanas a bheith acu maidir leis na Cúrsaí Ceirde: Teastas Sóisearach, le pas i gcúig ábhar nó a chomhionann. (Tá matamaitic riachtanach i gás printíseachtaí áirithe), nó réamhchúrsa printíseachta atá aitheanta ag SOLAS, nó os cionn 16 bliain d'aois agus taithí oibre aitheanta acu sa cheird le trí bliana.

Chomh maith leis na printíseachtaí ceirde sean-bhunaithe, fáilteofar freisin roimh iarratais don scoláireacht seo i leith na printíseachtaí nua-aoiseacha, atá á bhforbairt i gcaitheamh an ama. Is gá d’iarratasóirí sainriachtanais iontrála a chomhlíonadh, mar atá sainmhínithe ag an gCuibhreannas Tionscail le haghaidh gach ceann ar leith de Phrintísigh ó 2016.

Tá coinníollacha iontrála agus tréimhsí oiliúna ar leith leagtha amach do gach ceann de na Printíseachtaí sin. Tá gach eolas i leith na bprintíseachtaí Nua-aoiseach – an liosta iomlán atá faofa agus na cáilíochtaí iontrála a ghabhann leo le fáil ar an suíomh idirlín www.apprenticeship.ie.

Ní mór do léiriú spéise bheith ar ais roimh 30/6/2022.