Naonúr ó Chraobh Iorrais le dul chuig Fleadh na hÉireann 2025
BA mhaith le Gaeilge Iorrais comhghairdeas ó chroí agus bualadh bos mór a thabhairt do chuile dhuine óg ón nGaeltacht seo a ghlac páirt i bhFleadh Cheoil Chonnacht i mBéal Átha na Sluaighe, Contae na Gaillimhe, ar an 5 Iúil.
Cháiligh 13 duine óg ó Chraobh Iorrais ag Fleadh Mhaigh Eo i mí Bealtaine (as 26 iomaitheoir ar fad ó Ghaeltacht Iorrais) le dul ar aghaidh chuig Fleadh Chonnacht: Ailbhe de Róiste, Aoibhinn Ní Mhonacháin, Ava Ní Fhathaigh, Conn Ó hIomhar, Éabha Healy, Eimear de Róiste, Fionn Ó hIarbháin, Liam Ó Cuinn, Mae Ní hIomhar, Nell Ní Mhongáin, Nora Ní Mhongáin, Paddy Ó hIarbháin agus Seamús Ó Mongáin.
Ghlac an cúigear buachaillí agus an t-ochtar cailíní seo páirt i 10 gcomórtas éagsúla ag Fleadh Chonnacht (amhránaíocht ar an sean-nós, comhrá Gaeilge, scéalaíocht, ceol uirlise, amhránaíocht i mBéarla) in aoisghrúpaí difriúla (ó aois 7 go 14 d’aois) agus réimse maith acu ann ó rang na naíonán sa bhunscoil go bliain a dó san iarbhunscoil.
Tá moladh mór ag dul do na daoine óga seo go léir, mar aon lena gcuid tuismitheoirí agus a gcuid múinteoirí scoile, amhránaíochta agus ceoil as a gcuid tacaíochta agus spreagtha go léir. Nár laga Dia iad.
Tugann ócáidí cosúil le fleadhanna deiseanna do na páistí cur lena gcuid foghlama agus forbartha sna healaíona traidisiúnta teangabhunaithe, chomh maith le tógáil ar a gcuid féin-mhuiníne agus a scileanna chur i láthair.
Deis iontach a bhí ann, leis sin, saibhreas agus oidhreacht na Gaeltachta seo a léiriú agus cuid acu ag canadh leaganacha áitiúla d’amhráin mhóra na Gaeltachta seo go binn (amhráin cosúil le Sail Óg Rua, Cúirt Bhaile Nua, Liam Ó Raghallaigh, Brigid Ní Mháille, Sadhbh Ní Mhonghaile, Barr an tSléibhe) agus amhráin mhóra eile ó Mhaigh Eo cosúil le hAmhrán na Sméara, Contae Mhaigh Eo, Baile an Róba ina measc. D’éirigh thar cionn le fonnadóirí óga na Gaeltachta seo agus 5 duais ar fad tugtha leofa ag óige Iorrais i gcomórtais amhránaíochta ar an sean-nós:
• Bhuaigh Nell Ní Mhongáin (SN Dhumha Thuama agus Craobh Iorrais) an dara háit sa chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós (mná faoi 12 bliain) agus an tríú háit sa chomórtas amhránaíochta i mBéarla (mná faoi 12 bliain).
• Fuair Aoibhinn Ní Mhonacháin (Coláiste Bhreandáin Naofa, Béal an Mhuirthead agus Craobh Iorrais) an dara háit sa chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós (mná 12 - 15 bliain).
• Bhain Fionn Ó hIarbháin (SN na hEachléime agus Craobh Iorrais) an dara háit sa chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós (fir 12 - 15 bliain).
• Fuair Liam Ó Cuinn (SN Chorrchloch agus Craobh Iorrais) an tríú háit sa chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós (fir faoi 12 bliain).
Bhí lá iontach ag cainteoirí óga Ghaeilge Iorrais chomh maith. Beidh cúigear ag dul ar aghaidh sa chomórtas comhrá Gaeilge in aoisghrúpaí difriúla. Nach iontach go deo iad:
• Beidh Conn Ó hIomhar, Ailbhe de Róiste, Mae Ní hIomhar (SN na hEachléime agus Craobh Iorrais) ag dul ar aghaidh sa chomórtas comhrá Gaeilge faoi 9.
• Roghnaíodh Nora Ní Mhongáin agus Ava Ní Fhathaigh (SN na hEachléime agus Craobh Iorrais) le dul ar aghaidh sa chomórtas comhrá Gaeilge (aois 9 - 11).
• D’éirigh le hEimear de Róiste an chéad áit a fháil sa chomórtas scéalaíochta (faoi 12).
Lá mór a bhí ann i saol na ndaoine óga seo, naonúr díobh ó cheantar na hEachléime, agus 11 duais ar fad tugtha leofa ag iomaitheoirí óga Iorrais. Is mian linn na héachtaí ar fad a thréaslú leofa agus muid ag súil go mór le tuilleadh a chloisteáil uathu uilig (bíodh sin agus iad ag gabháil fhoinn, i mbun scéalaíochta, ag comhrá Gaeilge nó ag ceol).
Ba mhaith linn buíochas speisialta a ghabháil leis an múinteoir amhránaíochta, Síle Uí Mhongáin, atá ag tabhairt faoi chlár amhránaíochta ar an sean-nós i scoileanna Gaeltachta Iorrais le díograis agus le dúthracht agus a bhuí le tacaíocht ó scéim Neartú Ealaín na Gaeltachta atá á comhordú ag Gaeilge Iorrais ó 2020 agus muid ag obair i gcomhar le bunscoileanna Gaeltachta an cheantair.
Guíonn Gaeilge Iorrais chuile rath agus sonas ar an naonúr óg ó Ghaeltacht Iorrais a bheidh ag dul ar aghaidh ar son CCÉ Craobh Iorrais chuig Fleadh Cheoil na hÉireann i mí Lúnasa.
Beidh ceiliúradh speisialta ag Gaeilge Iorrais sa bhaile do na hiomaitheoirí áitiúla go léir ó Ghaeltacht Iorrais tar éis Fleadh na hÉireann ar an gCéadaoin, 13 Lúnasa, in Áras Inis Gluaire.
Nine from Craobh Iorrais to go to Fleadh na hÉireann 2025
GAEILGE Iorrais would like to extend heartfelt congratulations to every young person from their Gaeltacht who participated in Fleadh Cheoil Chonnacht in Ballinasloe on July 5.
Thirteen young people from Craobh Iorrais (local Comhaltas branch) qualified at Fleadh Mhaigh Eo in May (out of 26 competitors in total from the Iorras Gaeltacht) to proceed to this provincial event: Ailbhe de Róiste, Aoibhinn Ní Mhonacháin, Ava Ní Fhathaigh, Conn Ó hIomhar, Éabha Healy, Eimear de Róiste, Fionn Ó hIarbháin, Liam Ó Cuinn, Mae Ní hIomhar, Nell Ní Mhongáin, Nora Ní Mhongáin, Paddy Ó hIarbháin and Seamús Ó Mongáin.
These five boys and eight girls participated in 10 different competitions at Fleadh Chonnacht (sean-nós singing, comhrá Gaeilge, storytelling, traditional music and singing in English) in various age groups (from age 7 to 14) and ranging from junior infants in primary school to second year in secondary school. All these young people, together with their parents, their schoolteachers, music and singing teachers, deserve huge praise. Nár laga Dia iad!
Events such as fleadhanna give children opportunities to further their learning and development in traditional and Irish language-based arts, as well as building on their selfconfidence and performance skills. It also offers a great opportunity to showcase the rich linguistic and musical heritage of the Erris Gaeltacht area. It was a wonderful opportunity to showcase the wealth and heritage of this Gaeltacht, with some of the young Erris competitors singing local versions of great songs from this Gaeltacht area (songs like Sail Óg Rua, Cúirt Bhaile Nua, Liam Ó Raghallaigh, Brigid Ní Mháille, Sadhbh Ní Mhonghaile, Barr an tSléibhe) and other great songs from Mayo like Amhrán na Sméara, Contae Mhaigh Eo, Baile an Róba among them.
The young sean-nós singers from this Gaeltacht area were very successful on the day with a total of five prizes being awarded to them in the sean-nós singing competitions:
• Nell Ní Mhongáin (SN Dhumha Thuama agus Craobh Iorrais) won second place in the seannós singing competition (girls under 12 years) and third place in the English singing competition (girls under 12 years).
• Aoibhinn Ní Mhonacháin (Coláiste Bhreandáin Naofa, Béal an Mhuirthead agus Craobh Iorrais) secured second place in the sean-nós singing competition (girls aged 12 - 15 years).
• Fionn Ó hIarbháin (SN na hEachléime agus Craobh Iorrais) took second place in the seannós singing competition (boys aged 12 - 15 years).
• Liam Ó Cuinn (SN Chorrchloch agus Craobh Iorrais) earned third place in the sean-nós singing competition (boys under 12 years).
The young Irish-speaking participants from Gaeltacht Iorrais also had a great day. Five will advance in the comhrá Gaeilge competition in various age groups as part of Fleadh Cheoil na hÉireann in Wexford in August. Nach iontach iad:
• Conn Ó hIomhar, Ailbhe de Róiste, Mae Ní hIomhar (SN na hEachléime agus Craobh Iorrais) will proceed to the comhrá Gaeilge competition under 9.
• Nora Ní Mhongáin and Ava Ní Fhathaigh (SN na hEachléime agus Craobh Iorrais) were selected to proceed in the comhrá Gaeilge competition (ages 9 – 11).
• Eimear de Róiste succeeded in securing first place in the storytelling competition (under 12).
It was a great day of celebration for these young people, nine of whom hail from Eachléim, with a total of 11 awards won by young competitors from Erris.
Gaeilge Iorrais are delighted to celebrate the great level and standard of participation and indeed all these talents and achievements. They look forward to hearing much more singing, storytelling, comhrá Gaeilge and music from each of these talented young people.
Special thanks and praise to sean-nós singing teacher Síle Uí Mhongáin, who is undertaking a sean-nós singing program in Gaeltacht scheme schools in Erris with enthusiasm and dedication. This sean-nós singing program is funded by Ealaín na Gaeltachta Neartú scheme which is coordinated by Gaeilge Iorrais since 2020 in cooperation with Gaeltacht schools in Erris.
Gaeilge Iorrais would also like to wish each of the nine qualifying children from Erris every success and happiness as they progress to Fleadh Cheoil na hÉireann in August.
Gaeilge Iorrais will host a homecoming celebration in Belmullet for all participants on Wednesday, August 13, in Áras Inis Gluaire.