Maoiniú €217,500 fógartha ag an Aire Calleary do Ghnó Mhaigh Eo

D’FHÓGAIR an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, go bhfuil deontas €217,500 ceadaithe aige do Ghnó Mhaigh Eo, ar feadh tréimhse bliana go leith, chun clár oibre na heagraíochta don tréimhse 2025-2026 a chur i bhfeidhm.

Cuireann Gnó Mhaigh Eo tacaíocht ar fáil don lucht gnó i gCo. Mhaigh Eo, á spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus iad ag cur táirgí agus seirbhísí ar fáil don phobal. Tá an eagraíocht ag cur seirbhís tacaíochta gnó ar fáil do ghnólachtaí i gCo. Mhaigh Eo le breis agus deich mbliana anuas, mar aon le seirbhís aistriúcháin agus sainchomhairleoireachta teanga.

Leis an maoiniú a d’fhógair an tAire Calleary, beidh an eagraíocht in ann leanúint leis an obair sin, chomh maith le ranganna Gaeilge a chur ar fáil, na gradaim ghnó a reáchtáil agus páirt a ghlacadh in ócáidí gnó agus cultúrtha sa chontae.

Dúirt an tAire Calleary: “Táim thar a bheith sásta go bhfuil mo Roinn in ann an maoiniú seo a thabhairt do Ghnó Mhaigh Eo arís i mbliana. Le breis agus deich mbliana anuas, tá obair luachmhar ar siúl ag Gnó Mhaigh Eo agus iad ag cur le híomhá dhátheangach an Chontae agus ag cur Mhaigh Eo chun cinn mar chontae Gaeltachta. Mar thoradh ar an obair dhíograiseach sin, tá an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil i ngnólachtaí, i siopaí agus i mbialanna ar fud an chontae.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí seirbhísí ar fáil i nGaeilge – don chustaiméir agus dóibh siúd ar mhaith leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na teanga sin. Tá gnólachtaí áitiúla ag baint tairbhe as an tacaíocht a fhaigheann siad ó Ghnó Mhaigh Eo agus tá siad féin ag cur seirbhís luachmhar ar fáil do phobal na Gaeilge sa chontae.”

Ag labhairt di faoin fógra maoinithe, dúirt príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo, Niamh De Búrca: “Is cúis áthais do Ghnó Mhaigh Eo go bhfuil maoiniú €217,500 ceadaithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta don eagraíocht go dtí deireadh na bliana 2026. Is eagraíocht é Gnó Mhaigh Eo a thugann tacaíocht don lucht gnó ar fud Mhaigh Eo agus a spreagann iad chun an Ghaeilge a úsáid mar acmhainn eacnamaíochta atá idir luachmhar agus bhrabúsach. Cuireann Gnó Mhaigh Eo seirbhís comhairle gnó, aistriúcháin agus poiblíochta ar fáil do ghnólachtaí chomh maith le himeachtaí gnó agus cultúrtha a chur ar bun chun tacú leo.

“Tá Gnó Mhaigh Eo ina cheanneagraíocht ar dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta freisin - Caisleán an Bharraigh agus Baile an Róba. Cabhróidh an maoiniú seo leis an eagraíocht na dualgais sin ar fad atá uirthi a chomhlíonadh.”

Agus é ar an bhfód ó 2011 i leith, déanann Gnó Mhaigh Eo tacaíocht agus spreagadh a thabhairt don earnáil gnó i gCo. Mhaigh Eo chun an Ghaeilge a úsáid mar acmhainn fhiúntach agus bhrabúsach, agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail i gcoitinne.

Funding of €217,500 for Gnó Mhaigh Eo

THE Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, Dara Calleary, has announced that he has approved a grant of €217,500 for Gnó Mhaigh Eo, for a period of a year and a half, to implement the organisation’s agenda for the period 2025-2026.

Gnó Mhaigh Eo provides support to the business community in Co. Mayo, encouraging them to use the Irish language as they provide products and services to the community. The organisation has been providing a business support service to firms in Co. Mayo for more than a decade, as well as a translation and language consultancy service.

With the funding announced by Minister Calleary, the organisation will be able to continue that work, as well as provide Irish-language classes, run the business awards and participate in business and cultural events in the county.

Said Minister Calleary: “I am very pleased that my department is able to provide this funding to Gnó Mhaigh Eo again this year. For more than 10 years now, Gnó Mhaigh Eo has been doing valuable work in contributing to the bilingual image of the county and promoting Mayo as a Gaeltacht county. As a result of that hard work, the Irish language can be seen and heard in businesses, shops and restaurants across the county.

“It is highly important that services be provided in Irish - for the customer and for those who wish to conduct their business through that language. Local business are benefitting from the support they receive from Gnó Mhaigh Eo who are providing a valuable service to the Irish-language community in the county.”

The chief executive of Gnó Mhaigh Eo, Niamh de Búrca, said: Gnó Mhaigh Eo is an organisation that supports the business community across Mayo and encourages them to use the Irish language as an economic resource which is both valuable and profitable. Gnó Mhaigh Eo provides a business advice, translation and promotional service to business as well as running business and cultural events to support them.

“Gnó Mhaigh Eo is also a lead organisation in two Gaeltacht Service Towns - Castlebar and Ballinrobe. This funding will assist the organisation in fulfilling all of its duties.”

Established in 2011, Gnó Mhaigh Eo supports and encourages the business sector in Co. Mayo to use the Irish language as a worthwhile and profitable resource, and to promote Irish in the wider community.