Údarás expands Irish language learning opportunities for Gaeltacht employees
Údarás na Gaeltachta has announced an exciting new partnership with Mayo, Sligo and Leitrim Education and Training Board (MSLETB) to deliver free, accredited Irish language courses for employees working in Gaeltacht businesses.
The courses will be delivered by leading Irish language training provider Gaelchultúr, and are fully accredited by QQI at levels 2–6 of the National Qualifications Framework. Designed to fit around busy working lives, the flexible part-time programme runs online with just one class per week over 12 weeks, with courses commencing in March.
With a strong focus on practical language skills and confident everyday communication, the programme welcomes learners at all levels:
* Level 2 (A1) Complete beginners
* Level 3 (A2) Those with some basic Irish
* Level 4 (B1) Those who studied Irish at school
* Level 5 (B2) Those comfortable holding occasional Irish conversations
* Level 6 (C1) Advanced speakers looking to further develop their skills
Participants who wish to take their learning further can also avail of an additional support scheme provided by Údarás na Gaeltachta to help them achieve the prestigious Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) qualification.
Rónán Mac Con Iomaire, Director of Regional, Community & Language Development at Údarás na Gaeltachta, welcomed the initiative: "We are delighted to announce this new partnership with MSLETB and Gaelchultúr. It reflects our commitment to empowering employees across the Gaeltacht to strengthen their Irish in the workplace. We firmly believe this programme will have a lasting, positive impact on the use of Irish in the communities where our employees work and live and we encourage anyone interested to get involved."
To find out more or to express your interest, contact the team at pleanailteanga@udaras.ie.
Údarás ag tacú le soláthar deiseanna foghlama Gaeilge d'Fhostaithe Ghaeltachta
FÓGRAÍONN Údarás na Gaeltachta comhpháirtíocht nua le Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB) chun líon cúrsaí Gaeilge saor in aisce a chur ar fáil d’fhostaithe i ngnólachtaí Gaeltachta ar fud na Gaeltachta.
Is é an eagraíocht Gaelchultúr a bheidh ag reáchtáil na gcúrsaí, atá aitheanta ag QQI ar leibhéil 2–6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Is cúrsaí páirtaimseartha ar-líne, rang amháin in aghaidh na seachtaine ar feadh 12 seachtain atá i gceist agus cuirfear tús leo i Mí an Mhárta.
Cuirfear béim sna cúrsaí ar scileanna teanga praiticiúla agus ar chumarsáid mhuiníneach, ag freastal ar fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal:
* Leibhéal 2 (A1) do dhaoine gan mórán Gaeilge
* Leibhéal 3 (A2) do dhaoine gan mórán Gaeilge
* Leibhéal 4 (B1) do dhaoine a d'fhoghlaim Gaeilge ar scoil
* Leibhéal 5 (B2) do dhaoine atá ar a gcompord ag labhairt Gaeilge ó am go chéile
* Leibhéal 6 (C1) do chainteoirí ardchaighdeáin ar mian leo a gcuid scileanna a shaibhriú
Ina theannta sin, cuirfidh Údarás na Gaeltachta scéim tacaíochta bhreise ar fáil chun tacú le rannpháirtithe cáilíocht Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) a bhaint amach más mian leo tabhairt faoi.
Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail & Teanga, Údarás na Gaeltachta: 'Tá áthas orainn an comhpháirtíocht nua seo le MSLETB agus Gaelchultúr a fhógairt. Léiríonn sé tiomantas Údarás na Gaeltachta tacaíocht a thabhairt d'fhostaithe sna Gaeltachtaí a gcuid Gaeilge a neartú ina saol oibre laethúil. Tá súil againn go mbeidh tionchar dearfach ag an gclár seo ar úsáid na Gaeilge sna pobail ina bhfuil ár bhfostaithe ag obair agus ag maireachtáil.'
Le tuilleadh eolais a fháil nó le spéis a léiriú, déan teagmháil le pleanailteanga@udaras.ie.