Féile Náisiúnta Drámaíochta coming to Mayo

AN tOireachtas has announced that the 2026 Féile Náisiúnta Drámaíochta will be hosted in Westport from March 19 to 21.

This is an annual drama festival, where Irish-language community based drama groups from all over the country come together to showcase their own productions. The drama productions will be performed in Westport Town Hall Theatre during the festival.

The festival will be officially launched by Dara Calleary, Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht, on Thursday, March 19, at 6.30 p.m.

“An tOireachtas is delighted that Féile Náisiúnta Drámaíochta 2026 will be held in Westport,” said Muireann Ní Dhroighneáin, national coordinator of the Irish Language Performing Arts Programme. “Nine community theatre groups, from all across the country, will be presenting impressive plays over the weekend, marking the beginning of a revival in this art form, an art form that, historically, was woven into the fabric of the cultural and community life of the Irish language.

“It is an opportunity to celebrate this heritage and to be in the company of old friends and new. I wish all the drama groups every success over the weekend.”

Drama performances will take place every night during the festival. Among the drama groups taking to the stage are Aisteoirí an Spidéil, Spiddal, Co. Galway; Cumann Drámaíochta Naomh Pádraig, Westport; Aisteoirí an Lóchrann, Co. Carlow; Cumann Drámaíochta Ollscoil na Gaillimhe, University of Galway; Ardán Mhaigh Eo, Castlebar; Aisteoirí an Sciobóil, Co. Donegal; Aisteoirí Bhréanainn, Co. Kerry; and Aisteorí Ghaoth Dobhair, Gweedore, Co. Donegal.

Each group will bring their own production to the stage in front of an audience and renowned critics, providing a great variety and energy under the stage lights.

While the festival is centred around the drama performances, there will be plenty more events during the weekend including Club na Féile which will be held in the Mariner Hotel on Friday and Saturday night, with renowned musicians Tom Doherty, David Doocey and friends providing the entertainment.

Tickets are on sale now and people are advised to book early. You can buy your ticket here.

D’fhógair An tOireachtas go mbeidh An Fhéile Náisiúnta Drámaíochta 2026 á óstáil i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo, ón 19 – 21 Márta 2026. Is féile bhliantúil dhrámaíochta í seo, áit a dtagann compántais drámaíochta pobail ó gach cearn den tír le chéile chun léirithe den scoth a chur ar stáitse.

Seolfaidh Dara Calleary, An tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta an fhéile go hoifigiúil Déardaoin, 19 Márta 2026, ag 18:30, ag ócáid speisialta ag a gcuirfear tús spleodrach leis an gceiliúradh ar chumhacht na drámaíochta pobail.

"Tá ríméad ar an Oireachtas go mbeidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta 2026 a reáchtáil i gCathair na Mart,” a dúirt Muireann Ní Dhroighneáin, Comhordaitheoir Náisiúnta na dTaibhealaíon Teangabhunaithe. “Beidh naoi gcompántas pobail, ó fud fad na tíre ag léiriú scoth na ndrámaí thar an deireadh seachtaine. Is é tús na hathbheochana sa réimse ealaíne seo, a bhíodh go stairiúil fite fuaite i saol cultúrtha agus pobail na Gaeilge. Deis ceiliúrtha ar ár n-oidhreacht agus a bheith i gcomhluadar seanchairde agus cairde nua. Guím gach rath ar na compántais a bheidh san iomaíocht."

Beidh léirithe drámaíochta ar siúl gach oíche le linn na féile. I measc na gcompántas a bheidh ar an ardán i mbliana, beidh: Aisteoirí an Spidéil, Co. na Gaillimhe; Cumann Drámaíochta Naomh Pádraig, Cathair na Mart; Aisteoirí an Lóchrainn, Co. Cheatharlach; Cumann Drámaíochta Ollscoil na Gaillimhe; Ardán Mhaigh Eo, Caisleán an Bharraigh; Aisteoirí an Sciobóil, Co. Dhún na nGall; Aisteoirí Bhréanainn, Co. Chiarraí; agus Aisteoirí Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

Tabharfaidh gach compántas a léiriú féin chun stáitse os comhair lucht féachana agus léirmheastóirí aitheanta agus beidh éagsúlacht agus fuinneamh le brath sna drámaí iontacha faoi shoilse an stáitse.

Cé go bhfuil na léirithe drámaí ag croílár na féile, beidh neart eile ar siúl le linn an deireadh seachtaine, ina measc Club na Féile leis na ceoltóirí iomráiteacha Tom Doherty, David Doocey agus a gcairde a bheidh ar siúl in Óstán an Mariner oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Is féidir do thicéad a cheannach anseo.