Duais Aitheantais Ghlór na nGael - special national recognition award to Mayo group

I mbliana sheol Glór na nGael Ardán 2026, comórtas úrnua le haghaidh grúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta atá tagtha in áit chomórtais stairiúil Ghlór na nGael.

Tógann Ardán 2026 ar an traidisiún atá ag Glór na nGael ó 1961 i leith saothar ghrúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta a aithint agus a cheiliúradh.

Ag an ócáid bhronnta, a bhí eagraithe in Óstán Chonnacht i gcathair na Gaillimhe, bronnadh Duais Aitheantais ar Choiste Cheathrú Thaidhg Dún Chaocháin mar aitheantas ar na hiarrachtaí leanúnach atá déanta ag an gcoiste seo i gcur chun cinn na Gaeilge le blianta fada.

This year Glór na nGael launched Ardán 2026, a new competition for Irish-language and Gaeltacht community groups that replaces the traditional Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael.

Ardán is the next step in Glór na nGael’s long-established tradition (which began in 1961) of celebrating and affording recognition to the Irish-language voluntary sector on a national stage.

At a special awards ceremony which was held in The Connaught Hotel in Galway City, Coiste Cheathrú Thaidhg Dún Chaocháin received a Duais Aitheantais (Recognition Award) to acknowledge the ongoing efforts of this committee in promoting the Irish language over many years.

Ag an ócáid bhronnta bhí (ó chlé) Bríd Ní Sheighin, Fionnuala Nic Thom (Bord Ghlór na nGael), Treasa Ní Ghearraigh, Máire Cáit Uí Mhurchú agus Uinsíonn Mac Graith.